← Is beag lá a théann thart nach gcloisimid faoi thubaiste nó faoi thragóid uafásach a tharla i gcearn éigin den domhan de bharr na drochaimsire - tuilte anseo, tinte ansiúd agus triomach nó stoirmeacha san áit eile. 🔊
← Tá daoine ann a deir gur tharla a leithéid seo riamh anall agus nach bhfuil ann ach go gcloisimid níos mó faoi na laethanta seo de bharr na réabhlóide atá tagtha ar chúrsaí cumarsáide. 🔊
← Níl ach an t-anró agus an anachain romhainn má leanaimid orainn mar atáimid faoi láthair, dar leo. 🔊
← Ní thabharfá faoi deara an difríocht idir ocht gcéim déag agus fiche céim dá mbeifeá amuigh faoin aer lá breá samhraidh ach déanann sé difríocht mhór don domhan ina iomlán. 🔊
← Táthar á thuar go n-ardóidh leibhéal na farraige le go mbeidh na machairí agus na tránna breátha atá anois againn faoi uisce. 🔊
← Ní hamháin sin ach beidh sciar maith dár gcathracha agus dár mbailte móra faoi uisce chomh maith. 🔊